0
Ceap Do Shuaimhneass - IMLÉ
0 0

Ceap Do Shuaimhneass IMLÉ

Ceap Do Shuaimhneass - IMLÉ
[Cúrfá]
Ceap do shuaimhneas, lig do scíth
Ceap do shuaimhneas má tá tú ag rith ar an tanaí
Ceap do shuaimhneas,bí istigh leat féin
Ceap do shuaimhneas má tá an saol ag luí dian ar do shaol féin

[Véarsa 1]
Nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith
Is nuair atá d’aigne chomh scaipthe le mún giorria
Cad é a dúirt an tailliúr linn ó Ghuagán Barra
Glac bog an saol is glacfaidh an saol bog tú féin, a chara

[Curfá]
Só, ceap do shuaimhneas, lig do scíth
Ceap do shuaimhneas má tá tú ag rith ar an tanaí
Ceap do shuaimhneas, bí istigh leat féin
Ceap do shuaimhneas, má tá an saol ag luí dian ar do shaol féin

[Droichead]
Is minic a smaoinim ar an am nuair a bhí mé óg
Is mé ag smaoineamh ar am ar cheap mé gur thóg
Daoine rudaí uaim ach bhí seo go hiomlán páisteach
Táim buíoch le rá nach raibh ann ach seal sealadach
Tromlach na smaointe, smaointe a bhí mídhírithe
Mar fhear, mar pháiste, mar bhuachaill óg
Fiú i mo chloigeann déanamh gleo déanamh gleo
De bhrí sin gan mórán scíth do dhuine ar bith ón stró
Ach d’fhás mé suas ag foghlaim go hocrach le luas
Mar go raibh sé i gceist go bpiocadh rudaí suas
I mo shaol is gan iad seo, beag an baol
Go mbeinse sásta ar feadh i bhfad in sa saol
Comments (0)
The minimum comment length is 50 characters.
Information
There are no comments yet. You can be the first!
Login Register
Log into your account
And gain new opportunities
Forgot your password?